Gaeilge

“Mol an óige agus tiocfaidh sí.”

Is ábhar éigeantach í an Ghaeilge do gach dalta i gColáiste Caisleán Cnucha. Cuirtear béim ar labhairt na Gaeilge agus is í an Ghaeilge príomhtheanga na ranganna Gaeilge. Déantar gach iarracht ranganna a mhúineadh trí mheán na Gaeilge amháin. Cuirimid daltaí ar an eolas faoi na topaicí agus na modhanna foghlama a bheidh á gcleachtadh acu. Mínímid dóibh gurbh ábhar suimiúil, tábhachtach í an Ghaeilge agus go múintear í ar bhealach idirghníomhach, spreagúil.

Spreagtar gach dalta chun:

  • Úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide chomh minic agus is féidir i rith an lae.
  • Dearcadh dearfach i leith na Gaeilge agus spéis agus suim inti a chothú.
  • Taithneamh a bheith le baint as foghlaim na Gaeilge.
  • Cumas éisteachta agus labhartha an pháiste a fhorbairt agus a muinín chun an Ghaeilge a úsáid a chothú.
  • Cumas léitheoireachta agus scríbhneoireachta an pháiste a chothú ag leibhéil a oireann dó féin agus don chineál scoile.
  • Feasacht teanga agus feasacht cultúrtha a chothú.

Aidhmeanna Roinn na Gaeilge:

Cur ar a gcumas na ndaltaí:

  • Meon dearfa i Leith na teanga a chothú agus dearcadh dearfa ar fhoghlaim teangacha a chothú sna foghlaimeoirí.
  • an t-eolas, an tuiscint; na scileanna agus an inniúlacht a thugann an dalta leis ón mbunscoil a dhaingniú agus a fhorbairt a thuilleadh;
  • raon agus cineál eispéireas oideachais na ndaltaí, ó thaobh eolais, tuisceana, scileanna agus inniúlachta a leathnú agus a dhoimhniú;
  • iontaoibh an dalta as féin, maraon le hiontaoibh shóisialta, cumas tionscnaimh agus inniúlachta, a chothú le cabhair oideachais ghinearálta atá leathan agus meáite;
  • an dalta a ullmhú le haghaidh riachtanas cláracha breise staidéir, fostaíochta nó an tsaoil lasmuigh d’oideachas lánaimsearach;
  • forás morálta agus spioradálta an dalta a chothú agus cabhrú leis teacht ar thuiscint ar luacha agus ar chreideamh daoine eile Maraon le meas a bheith aige orthu;
  • na daltaí a ullmhú le haghaidh freagrachtaí an tsaoránaigh ina dtír féin agus i gComhphobal na hEorpa, agus i ngach tír ar domhan.
  • A scileanna teanga a bhuanú, a dhoimhniú agus a fhorbairt a thuilleadh de réir acmhainne i dtreo is go mbeadh ar a gcumas páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol dátheangach atá mar aidhm náisiúnta ag an rialtas.
  • Na scileanna teanga a shealbhú agus a fhorbairt de réir a n-acmhainne.
  • An léargas ar shaíocht Ghaelach na hÉireann agus deiseanna a chur ar fail dóibh é seo a bhlaiseadh tríd an teanga, an gceol, an stair agus tríd an litríocht.
  • Féinmheas agus féinmhuinín na bhfoghlaimeoirí a chothú trí thuiscint a thabhairt dóibh ar a bhféiniúlacht agus ar a n-oidhreacht chultúrtha.

Cuspóirí Roinn na Gaeilge:

Leagann cuspóirí an chúrsa béim ar an gcumarsáid agus ar thuiscint na teanga labhartha, Tuiscint na dtéacsanna scríofa, Labhairt agus Scríbhneoireacht atá riachtanach do staidéar na Gaeilge i suíomh dearfach.

  • Grá agus meas ar an teanga Ghaeilge a chothú agus a fhorbairt.
  • Chun cabhrú leis an dalta leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann le bheith dátheangach ó thaobh na cognaíochta de.
  • Chun cabhrú le daltaí tuiscint a fháil ar nádúr teangacha agus ar nádúr phróiseas foghlama teanga.
  • Forbairt phearsanta agus forbairt shóisialta na ndaltaí a chur chun cinn mar ghné dá n-iomlánú.
  • Tuiscint a chothú ar ghnásanna na Gaeilge mar theanga agus ar nádúr na cumarsáide i gcoitinne.
  • Chun cabhrú le daltaí teacht ar shaíocht na Gaeilge chomh maith le hamhráin dhúchasacha na tíre.
  • Samhlaíocht agus cumas cruthaitheachta an dalta a fhorbairt trí réimse oiriúnach d’ábhair éagsúla léinn a chur ina láthair.
  • Chun cur ar chumas an dalta leanúint ar aghaidh go an triú leibhéal.

Tuiscint: teanga labhartha

  • Go mbeidh daltaí cleachtaithe ar an meitetheanga a ghabhann le hobair ranga agus leis an scrúdú sa chaoi is nach mbeidh gá le dul i dtuilleamaí an Bhéarla sa seomra ranga ná le linn scrúduithe.
  • Go mbainfidh na daltaí tuiscint bhunúsach as cláir theilifíse agus raidió.
  • Tuiscint bhunúsach a bheith ag na daltaí ar phíosaí de chomhrá simplí.
  • Labhairt: Béaltriail ag gach leibhéal don Ardteistiméireachta. Níl an béaltriail (roghnach) ar fáil don Teastas Sóisearach, is baill muid den ASTI.

 Cluastuiscint:

  • Triail chluastuisceana ag gach leibhéal.

Tuiscint: téacsanna scríofa

  • Go dtuigfidh na daltaí téacsanna scríofa.
  • Go mbainfidh na daltaí ciall as cur síos (scríofa) a bhaineann le gnáthchúrsaí an lae nó le hábhair atá dírithe ar dhéagóirí agus é seo scríofa i stíl dhíreach shimplí.
  • Prós agus Filíocht: i gcás an Ardleibhéil agus an Ghnáthleibhéil, déantar scrúdú ar théacsanna phróis agus fhilíochta de réir na gcritéar atá leagtha síos. Bíonn téacsanna breise próis agus filíochta agus topaicí a bhaineann le Stair na Gaeilge san áireamh i gcás an Ardleibhéal.

Labhairt:

Comhrá idirghníomhach

  • bheith in ann labhairt faoi na toipicí agus tacaíocht láidir á fháil acu ó chomhchainteoirí.
  • bheith in ann rólanna tánaisteacha éagsúla a ghlacadh i gcomhráite.
  • bheith in ann ceisteanna a chur agus a fhreagairt.

Scríbhneoireacht:

  • Cur ar chumas na ndaltaí na cineálacha téacsanna atá idir lámha a léamh acu a scríobh gan stró agus na cleachtaí scríofa atá bunaithe orthu a fhreagairt go sásúil/ cruinn.
  • Scrúdú scríofa ina bhfuil léamhthuiscint agus tascanna éagsúla cheapadóireachta le comhlíonadh ag gach leibhéal. Bíonn téacsanna próis agus filíochta san áireamh sa scrúdú scríofa i gcás iarrthóirí Ardleibhéal amháin.

Roinn na Gaeilge:

[table id=3 /]

[table id=5 /]

Makng the Transition Gaeilge

Irish in Castleknock College

Fourth Year → Fifth Year

Students at both ordinary level and higher level sit the same oral. It is worth 40%. They do the same listening exam. It is worth 10%. They also study the same 5 poems and the same 5 prose. The only difference is that the students at higher level have an extra prose question in paper 2. We would encourage students to do the higher-level course until after Easter of their leaving certificate year.

Currently over 50% of the students in 6th year are doing honours Irish, many do it to ensure a college place in a National University, most are doing it for the love of the language and haven’t been put off Irish as they have progressed from primary to secondary and again from fourth year to fifth year. They move towards discussing and dealing with more mature topics in this next cycle through Irish.

Some students do find it a heavy burden to do 7 honour subjects and might have had the ability to do honours Irish but with the work load involved in the old course they chose to move to pass. The new course has a much lighter work load, a lot of the literature has been removed and the study of the history of Irish has also been removed. This allows for a more natural and enjoyable course, which in turn will ensure that we have a very high percentage continuing to study the Leaving Certificate honours paper. Students are encouraged and not forced to do the honours Irish. It is also important to know that if your child has honours Irish at leaving certificate level that it will save them an added year in college should they decide on a course that requires honours Irish. Taking the easy option now might create a bigger problem in years to come.

With the added importance of the Irish Oral in the new syllabus Castleknock College has cut its cloth to ensure that students are prepared for the road ahead. We offered a very intense Irish Oral module during transition year. Although academic in its nature and not a typical TY module, we as an Irish department didn’t want the boys starting a new course on the back foot. 

Gaeilge na hArdteistiméireachta – National Approach

 

Here are the general aims of the course:

  • To make permanent, to deepen and to develop their ability in such a way that they can be active in a bilingual life as is the aim of the government.
  • To give learners a chance to possess the language skills and develop them according to their ability.
  • To give learners an insight into Irish Ireland provide opportunities to flavour it through language, music, history and literature.
  • To nurture self-respect and self-confidence by giving them an understanding about their identity and their cultural heritage.
  • To create a positive outlook regarding the subject and to nourish a positive opinion about its learning.
  • To give the learner an enjoyable and encouraged intellectual and emotional experience.
  • To prepare learners to be able to take part in a work environment where Irish is the chosen language of communication in that profession.

Making the Transition Gaeilge

[table id=7 /]

*The same exam or topic for both Higher and Ordinary Level.

[table id=8 /]

Watch the students performing “Amhrán na gCupán” during Seachtain Na Gaeilge

Also during this week long celebration, watch our traditional Irish group performing in the Alton Library